Seandálaíocht phoiblí
Iniúchadh a dhéanamh ar an nasc is luaithe idir Éire agus an Bhreatain Bheag
Déanann Portalis iniúchadh ar an nasc is luaithe idir Éire agus an Bhreatain Bheag ag dul siar go dtí an tréimhse Mhéisiliteach Luath, (an Mheán-Chlochaois), a bhfuil cáil uirthi as níos mó nuálaíochta agus éagsúlachta. Déanaimid é seo trí fhianaise atá ann cheana a chomhdhlúthú agus sonraí nua a sholáthar. Déanaimid na sonraí seo a léirmhíniú ina scéal iontach trasteorann.
Comhoibriú ar Sheandálaíocht Phoiblí
Tá an comhar trasteorann soiléir sa mhéid go roinntear saineolas i réigiúin na hÉireann agus na Breataine Bige araon agus tá sé riachtanach chun an oibríocht seo a chur i gcrích, i bhfianaise nádúr sainiúil comhroinnte ábhar na hoibríochta. Féachann an scéim phíolótach seo leis na hardáin agus na sócmhainní cultúrtha a aithint a chuirfidh ar chuma na gcuairteoirí tumadh isteach i mbraisle eispéireas cultúrtha atá ceangailte le chéile trí am agus áit agus iad ag taisteal laistigh de dhlínse na hOibríochta.
Tá tuilleadh fianaise ar chomhar trasteorann ar fáil i gcomhspriocanna seandálaíochta Portalis. Dírítear anseo ar thuiscint níos fearr a fháil ar an áit as ar tháinig na sinsir is luaithe a bhí againn, na háiteanna ina bhfuil a gcuid suíomhanna agus ar an gcaoi a raibh na tírdhreacha áitithe difriúil ó thírdhreacha an lae inniu. D’fhonn na cuspóirí seo a bhaint amach, déantar athbhreithniú ar bhailiúcháin iarsmalainne atá ar marthain, tugtar faoi obair allamuigh theoranta ar shuíomhanna nua chun athrú comhshaoil a thuiscint agus scéal comhchoiteann maidir leis an luath-áitíocht a chruthú.
Leathnaíonn an cur chuige comhoibritheach seo chuig acmhainní Seandálaíochta Saoránach agus eispéiris nuálacha do chuairteoirí a chruthú atá bunaithe ar scéalta barántúla spreagúla. Soláthraíonn sé ábhar nua a bhfuil rochtain fhorleathan air. Úsáidfear é seo chun tógáil ar thaighde atá ann cheana féin trí thairiscintí turasóireacht oidhreachta léirmhínitheacha a fhorbairt a sholáthraíonn an bonn chun na tairiscintí turasóireachta laistigh den limistéar trasteorann a fheabhsú.
Tá gníomhaíochtaí trasteorann Portalis agus torthaí intomhaiste ag teacht go dlúth le ‘Archaeology 2025′ de chuid Chlár an Acadaimh Ríoga & Discovery. Is straitéis deich mbliana í seo chun forbairt Seandálaíocht na hÉireann a threorú don am atá romhainn. Tá sé mar aidhm aige feasacht a mhúscailt ar luach na seandálaíochta agus a aithint go bhfuil samhaltú 3D, cartlannú digiteach agus seandálaíocht phobail ag athrú na dtírdhreach a bhaineann leis an gcaoi a ndéantar imscrúduithe seandálaíochta.
Seandálaíocht sa Bhreatain Bheag
Thug tochailtí ar an láthair ag Talsarn i nGleann Aeron i mí Bhealtaine 2022 deis dúinn athchuairt a thabhairt ar ár láthair a ndearnadh tochailt ann den chéad uair in 2019. Tá an suíomh ag barr sean-locha oighrigh líonta. Nuair a tháinig leáuisce isteach i gcuid mhaith den loch ar deireadh thiar athraíodh an tírdhreach ina thírdhreach d’oileáin ísle gainimh agus gairbhéil a raibh bogach le seascainn giolcaí, uisce oscailte agus aibhneacha beaga mórthimpeall orthu.
In 2019, i dtochailt ar cheann de na hoileáin seo, thángthas ar líon beag déantúsán breochloiche chomh maith le ceann tua cloiche a bhí snasta go páirteach. Rinneamar hipitéis go bhféadfadh sé seo a bheith thart ar 5 -6 míle bliain d’aois, go raibh siad in úsáid ag grúpaí daoine Neoiliteacha Luatha a mheastar de ghnáth gurb iad a thug isteach an fheirmeoireacht agus tógáil séadchomharthaí móra.
I mbliana d’fhilleamar chun níos mó den oileán seo a scrúdú agus chun an dara hoileán a scrúdú d’fhéachaint an raibh gníomhaíocht daoine níos forleithne sa bhogach seo. Fuaireamar tuilleadh déantúsán ar an gcéad oileán agus aisghabhadh cnuasach beag de shaothar breochloiche ón dara hoileán a bhí suntasach mar sin féin. San iomlán bhí 33 fionnachtain sa talamh a bhí mór go leor lena dtaifeadadh, agus trí chriathrú fuarthas 15 -20 píosa breochloiche oibrithe eile, lena n-áirítear uirlisí foirmiúla. Go suntasach, aisghabhadh micrilit bheag gur dócha gur barr diúracáin í, ó chriathrú ar an dara hoileán seo.
I measc na bpíosaí eile tá croí, lanna agus lann beag mar aon le roinnt scealpóga a úsáideadh mar scrábairí, b’fhéidir. Is léir freisin nach amháin go raibh daoine ag úsáid breochloiche mar amhábhar. D’fhéadfadh sé gur úsáideadh grianchloch áitiúil freisin, cé go bhfuil sé seo níos deacra de ghnáth oibriú isteach ina huirlisí inúsáidte.
Tugann na fríotha seo le tuiscint go bhfuil an scéal níos casta mar meastaí go minic go mbaineann micrilití leis na fiagaithe-cnuasaitheoirí – iascairí deireanacha – (daoine Méisiliteacha). Tugann ár dtochailtí ag Talsarn le fios go bhfuil grúpa daoine i gceist a léiríonn a slí mhaireachtála naisc seachas deighiltí idir fiagaithe-cnuasaitheoirí Méisiliteacha agus pobail Neoiliteacha.
Tá ceangal leis an bhfarraige soiléir anois. Ag féachaint ar na scealpóga breochloiche a aisghabhadh ó thochailtí na bliana seo, taispeánann go leor díobh coirtéis (ciseal seachtrach an nóidín atá calógaithe) a fhaightear ar phúróga trá de ghnáth. Dá bhrí sin is féidir linn daoine a shamhlú atá ag bailiú amhábhair ar na tránna, agus a théann amach go dtí na hoileáin ag Talsarn ansin chun a gcuid uirlisí a dhéanamh. Ach cad a bhí ar siúl acu anseo? Go dtí seo, níl aon fhianaise againn ar teallaigh, claiseanna ná struchtúir eile a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go raibh siad ag caitheamh aon tréimhse ama ar an láthair. B’fhéidir go mbeidís ann ar feadh tamaill ag fiach éanlaithe fiáine nó éisc. Seans go mbeidh tuilleadh eolais againn tar éis thochailt na bliana seo chugainn.