Baile – Portalis2023-01-28T17:38:19+00:00

Portalis

Iniúchadh ar an gcéad turas idir Éire agus an Bhreatain Bheag

Faigh amach faoin gcéad nasc idir Éire agus an Bhreatain Bheag

Déanann Portalis iniúchadh ar an gcéad nasc idir Éire agus an Bhreatain Bheag, siar chomh fada leis an tréimhse Mhéisiliteach, thart ar 10,000 bliain ó shin.  Déanann ár dtionscadal trasdisciplíneach imscrúdú, trí thaighde bunaithe ar fhianaise, ar an gcaoi a ndearna na chéad lonnaitheoirí sin oiriúnú dá dtimpeallacht chun maireachtáil agus féachann sé lena thuiscint an bhfuil aon slite dá leithéid ann inar féidir linn oiriúnú d’athrú aeráide sa lá atá inniu ann.

Portalis

Croífhócas an Tionscadail

Cosain

Agus sinne ag obair lenár bpobail áitiúla, déanaimid ár n-oidhreacht chósta nádúrtha agus chultúrtha agus a ghnáthóga nádúrtha agus a fhiadhúlra a chosaint trí aistriú eolais faoi stiúir saoránach ar chaomhnú oidhreachta a éascú ag príomhláithreáin oidhreachta ar cinn scríbe do chuairteoirí faoin gcósta iad.

Cur chun cinn

Cuirimid tuiscint ar oiriúnú don athrú aeráide chun cinn trí eispéiris trasteorann a scrúdaíonn cásanna féideartha mar seo idir eispéireas an lonnaitheora is luaithe atá againn agus conas is féidir linn dul in oiriúint don athrú aeráide sa lá atá inniu ann.

Fás

Tacaímid go hinbhuanaithe le líon na gcuairteoirí atá ag méadú trí líonra nua turasóireachta atá bunaithe ar eispéireas trí bheith ag obair lenár sé phobal cois cósta, chomh maith le forbairt líonra cultúrtha nua idir músaeim thábhachtacha sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn.

Ár gcuid oibre

Cad atá ar siúl againn?

Comhdhlúthaíonn ár gcuid oibre an fhianaise sheandálaíochta, gheolaíochta agus chomhshaoil atá ann cheana féin agus cuireann sé sonraí nua ar fáil agus déanann sé léirmhíniú orthu i scéal corraitheach trasteorann.

Conas a oibrímid

Croíshampláil druileáilte, tochailt, anailís saotharlainne, ceardlanna eolaíochta saoránach, dearadh eispéireas cuairteoirí lena n-áirítear scannáin agus réaltacht fhíorúil agus forbairt líonra trasteorann.

Conas a mhúsclaímid feasacht

Cuireann Portalis béim ar an luach a bhaineann lenár n-oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a chosaint agus le hoiriúnú aeráide a ghabhann leis trí imeachtaí seandálaíochta poiblí, imeachtaí eispéireas cuairteoirí, ceardlanna eolaíochta saoránach agus go leor eile.

Conas a thacaímid le fás pobail?

Oibríonn Portalis go dlúth lenár bpobail chósta chun líonra turasóireachta trasteorann nua agus líonra cultúrtha trasteorann nua a bhunú.

Conas a thacaímid lenár bpobal taighde trasteorann

Déanaimid iniúchadh ar roghanna maidir lenár n-oidhreacht a chosaint agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ónár lonnaitheoirí is luaithe maidir le hoiriúnú do na hathruithe atá amach romhainn.

Conas a thacaímid lenár gcuairteoirí

Táimid ag obair lenár sé phobal chun bailiúchán de roghanna taistil freagracha saincheaptha a fhorbairt, ag díriú ar ár n-eispéiris nua-chruthaithe do chuairteoirí.

Liostáil lenár nuachtlitir

Téigh isteach i bhfoireann Portalis chun foghlaim faoinár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha chomhroinnte agus í a chosaint trínár n-imeachtaí agus ár ngníomhaíochtaí.

An Nuacht is Déanaí

Tá comhoibriú ríthábhachtach, ag obair le chéile.

Comhpháirtithe Portalis

Go to Top