An chéad turas idir Éire agus an Bhreatain Bheag a léarscáiliú

Iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a ndeachaigh na chéad lonnaitheoirí in oiriúint dá dtimpeallacht chun maireachtáil

Léarscáilíonn Portalis scéal an chéad turais idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, ag dul siar chomh fada leis an tréimhse Mhéisiliteach, thart ar 10,000 bliain ó shin. Déanann ár dtionscadal imscrúdú ar an gcaoi ar oiriúnaigh na chéad lonnaitheoirí sin iad féin dá dtimpeallacht chun maireachtáil agus féachann sé lena thuiscint an bhfuil aon slite dá leithéid ann inar féidir linn oiriúnú d’athrú aeráide sa lá atá inniu ann.

Is tionscadal píolótach trasdisciplíneach faoi stiúir dearaidh é Portalis, a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann – na Breataine Bige, www.irelandwales.eu  Tá an tionscadal faoi stiúir Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) agus tá tacaíocht aige ó Ollscoil na Breataine Bige, Coláiste na Tríonóide Saint David, Comhairle Contae Ceredigion agus Comhlachas Tráchtála Phort Láirge.

Is clár muirí é Clár um Chomhoibriú Críche Eorpach na hÉireann agus na Breataine Bige 2014 -2020 a nascann gnólachtaí agus pobail ar chósta Thiar na Breataine Bige le cósta Thoir-Theas na hÉireann. Díríonn an clár ar réitigh a lorg do dhúshláin chomhroinnte lena n-áirítear Muir Éireann agus pobail chósta a oiriúnú d’athrú aeráide, chomh maith le hacmhainní cultúrtha agus nádúrtha agus oidhreacht.

Tagann an chomhpháirtíocht a chuireann an tionscadal ar fáil le chéile  i gcomhchuspóir na gcomhfhorbairtí faoi stiúir saoránach de ghníomhaíochtaí lánchuimsitheacha atá curtha in oiriúint do riachtanais ár bpobal agus ár gcuairteoirí.

Chun é seo a bhaint amach, beimid ag obair leis na sé phobal chósta seo a leanas in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag, ag cruthú dhá líonra turasóireachta eispéiris trasteorann.

Portalis

Ár gcuid oibre

Cad atá ar siúl againn?

Comhdhlúthaíonn Portalis fianaise atá ann cheana agus soláthraíonn sé sonraí nua. Tugaimid léirmhíniú ar na sonraí seo in insint spreagúil trasteorann a fhorbraítear mar eispéireas cumhachtach nua do chuairteoirí ag dhá mhúsaem thábhachtacha.

Ag obair leat

Agus sinne ag obair le pobail áitiúla, bainimid úsáid as réimse teicnící éagsúla chun ár n-eispéiris chomhroinnte maidir le cinn scríbe trasteorann nasctha a mhapáil agus a chur chun cinn in éineacht le himeachtaí spreagúla a thacaíonn le pobail agus le gnólachtaí in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag!

Bí linn

Téigh isteach i bhfoireann Portalis chun foghlaim faoinár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha chomhroinnte agus í a chosaint trínár n-imeachtaí agus ár ngníomhaíochtaí. Cuidigh linn an chéad turas agus na naisc chultúrtha idir Éire agus an Bhreatain Bheag a leanúint.

Sé phobal cois cósta:

Tan-y- Bwlch

Aberystwyth, i Ceredigion, an Bhreatain Bheag

Dún Mór

Inbhear Phort Láirge, Éire

Gleann Aeron

i gCeredigion, an Bhreatain Bheag

Loch Garman, Éire

Leithinis Rinn Duáin

Llangrannog

i gCeredigion, an Bhreatain Bheag

Inbhear Phort Láirge

limistéar an chuain agus na sráidbhailte cósta máguaird, Éire

Ba bhreá linn cloisteáil uait

Ba bhreá linn cloisteáil uait

Téigh isteach i bhfoireann Portalis chun foghlaim faoinár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha chomhroinnte agus í a chosaint trínár n-imeachtaí agus ár ngníomhaíochtaí. Cuidíonn sé seo linn cur le taighde nua a dhéanfaidh iniúchadh ar na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide an chósta agus sa chaoi sin, cabhróidh sé linn an chéad turas agus na naisc chultúrtha idir Éire agus an Bhreatain Bheag a leanúint.